Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Fógraí

29 Samhain 2017

Aighneachtaí chuig an Athbhreithniú ar Riaradh an Cheartais Shibhialta

 

Tá grúpa, a bhfuil Uachtarán na hArd-Chúirte, an Breitheamh Peter Kelly Uasal, ina chathaoirleach air, curtha ar bun chun athbhreithniú a dhéanamh ar riaradh an cheartais shibhialta sa Stát. Tá an grúpa le tuarascáil a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Déanfaidh sé moltaí d’fhonn rochtain ar an gceartas sibhialta sa Stát a fheabhsú.

Níl cúrsaí Dlí Teaghlaigh san áireamh i réimse freagrachta an ghrúpa mar go bhfuil rún ag an Rialtas, atá curtha in iúl go poiblí cheana féin, reachtaíocht nuachóiriúcháin a thabhairt chun cinn i bhfoirm Bille um Chúirteanna Teaghlaigh.

Tá aighneachtaí á lorg ag an ngrúpa ó dhaoine nó páirtithe leasmhara i ndáil lena chuid oibre. Is iad na réimsí leathana atá le saothrú ag an ngrúpa, i gcomhthéacs foriomlán rochtain ar an gceartas a fheabhsú agus costais na dlíthíochta a laghdú, ná

  1. Nósanna imeachta agus cleachtais a fheabhsú agus fáil réidh le rialacha nóis imeachta nach bhfuil gá leo, nó atá róchasta;

  2. Athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí an fhollasaithe;

  3. Modhanna eile réitigh díopsóidí a spreagadh;

  4. Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid cumarsáidí leictreonacha, lena n-áirítear r-dhlíthíocht agus féidearthachtaí maidir le doiciméid chúirte (lena n-áirítear aighneachtaí agus imeachtaí) a chur ar fáil nó a dhéanamh inrochtana ar an idirlíon;

  5. Torthaí níos éifeachtaí, agus ar chostas níos lú, a bhaint amach do lucht úsáide na gcúirteanna, lucht leochaileach a n-úsáide ach go háirithe.

Is ceart aighneachtaí a chur i bhfoirm leictreonach amháin chuig:- submissions@civiljusticereview.ie faoi 12pm Dé hAoine, 16ú Feabhra, 2018.

Ní foláir nach mbeadh aighneachtaí níos faide ná 5,000 focal agus déanfar cinn a bheidh níos faide ná sin a chur ar ais. Ní foláir an réimse d’obair an ghrúpa ar a bhfuiltear ag díriú, de réir an liosta thuas, a bheith luaite leis na haighneachtaí, sa líne sa ríomhphost a bhaineann lena ábhar. Is féidir níos mó ná aighneacht amháin a úsáid chun díriú ar il-réimsí. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfaidh sé go bhfoilseofar aighneachtaí amach anseo.

Tá eolas mionsonrach faoi théarmaí tagartha agus ballraíocht an ghrúpa le fáil ag submissions@civiljusticereview.ie.