Fógraí
15/08/2017
Straitéis 2020 – Tugtar Cuireadh d’Aighneachtaí
I gcomhréir le ceanglais an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, tá Plean Straitéis á ullmhú faoi láthair ag an tSeirbhís Chúirteanna a chumhdaíonn an tréimhse 2017-2020.
Cruthóidh tuairimí páirtithe leasmhara agus páirtithe ar spéis leo faoi na saincheisteanna straitéiseacha a cheapann tú ar cheart dul i ngleic leo inár gcéad Phlean Straitéiseach eile cuid den phróiseas cinntiúcháin chun an plean nua a dhréachtú.
Is féidir teacht ar fhaisnéis chuimsitheach ar ghníomhaíochtaí gnó na Seirbhíse Cúirteanna ar an láithreán gréasáin, seo, anuas ar ár bPlean Straitéiseach reatha.
D’fhonn a chur ar chumas daoine chun breithniú iomlán a dhéanamh ar aon ionchuir a fhaightear sula dtugtar an Plean Straitéiseach chun críche, ba mhór linn é dá bhféadfaí freagraí a sheoladh ar aghaidh faoin 22 Meán Fómhair 2017, agus is fearr iad a sheoladh ar aghaidh i bhformáid leictreonach, chuig: Ríomhphost: strategystatement2018@courts.ie