Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Fógraí um Shuíonna

An Iarmhí: Cúirt Cuarda.

Nasc gaolmhar
Oifig Cúirte An Mhuilinn Chearr

An Chúirt Chuarda - Cuaird an Lár Tíre

De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh an Chuaird Lár Tíre, ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:  

1. Go dtosnóidh suí den Chúirt Chuarda an Mhuilinn Chearr atá sceidealta le tosnú Dé Céadaoin an 11ú Eanair 2017, Dé Máirt 10 Eanair 2017 ina ionad agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le gnó coiriúil nó le haon ghnó eile a chuirtear chuig an Mhuileann gCearr.
2. Go bhfoilseofar an tordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.

Arna dhátú an 12ú  lá seo de mhí  Nollag 2016
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda


 

Cúirt foriarratais Chláraitheoir an Chontae - athrú

Le héifeacht ón 1ú Meán Fómhair 2016 athróidh na dátaí cúirte ón dara agus an ceathrú Luan in ngach mí go dtí an chéad agus an tríú Aoine i ngach mí.

Féach Dátaí suí na gCláraiatheoirí Contae 

 


An Chúirt Chuarda - Cuaird Lár Tíre

De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh na Cuarda Lár Tíre,  ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:

1. Go mbeidh Teach Chúirte Bhaile Átha Luain mar ionad chúirte don Chúirt Chuarda i gcomhair gach gnó sibhialta agus gach gnó teaghlaigh a chuirtear chuig An Mhuileann gCearr agus Baile Átha Luain ach amháin ar na laethanta nuair a bhfuil an Chúirt Dúiche sceidealta chun suí i mBaile Átha Luain nuair a bheidh  suíonna na Cúirte Cuarda ar siúl sa Mhuileann gCearr.

2. Beidh an tordú seo i bhfeidhm ó 1 Aibreán 2016.

3. Go bhfoilseofar an tordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.

Arna dhátú an 15ú lá seo de mhí Márta 2016
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda