Réamhrá
Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ceadaítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach mbíonn ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile.
Cuirtear réimse faisnéise a bhfuil teacht éasca uirthi ar fáil ar an suíomh seo faoi choimirce Scéim Foilsitheoireachta agus cuirtear taifead nochta ar fáil freisin lena mionsonraítear iarratais um Shaoráil Faisnéise atá á bpróiseáil ag an tSeirbhís Chúirteanna ar bhonn ráithiúil ó mhí Aibreáin 2016.
Bíonn roinnt de na taifid atá i seilbh na Seirbhíse Cúirteanna ar fáil don phobal mar chúrsa gnáthaimh. Mar shampla, féadann tú liostaí de shuíonna cúirte amhail an Dialann Dlí a fháil. Tá an cineál seo faisnéise ar fáil gan gá le hiarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Bíonn suíonna cúirte oscailte don phobal a fhéadfaidh dul isteach iontu agus riarachán dlí a chloisteáil agus a fheiceáil seachas nuair a bhíonn an comhartha 'in camera' á thaispeáint. Ciallaíonn an comhartha sin nach bhfuil an cás oscailte don phobal.
Taifid a bhaineann le himeachtaí cúirte
Tá taifid chúirte faoi rialú na gcúirteanna agus níl siad faoi rialú na Seirbhíse Cúirteanna.
Go ginearálta, bheadh ort iarratas a dhéanamh don chúirt (seachas don tSeirbhís Chúirteanna) chun faisnéis a fháil maidir le taifead cúirte. Tá sé sin ar aon dul le halt 65 d'Acht na nOifigeach Cúirte, 1926 ina luaitear
'Gach cruthúnas agus gach scríbhinn agus páipeur eile a lóisteálfar in aon chúirt no a sínfar isteach chúichi i dtaobh no le linn éisteacht aon chúise dlí no ní, cimeádfar iad i seilbh no fé ordú agus fé dheighleáil an bhreithimh no sinsir na mbreithiún ag á mbeidh no gur ina láthair a bheidh an chúis no an ní sin á éisteacht.'
Breis eolais maidir le rochtain ar thaifid chúirte
Coistí Rialacha Cúirte
Is iad thíos naisc do scéimeanna na gcoistí rialacha cúirte de chuid an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.
» Coiste Rialacha na nUaschúirteanna
» Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda
» Coiste Rialacha na Cúirte Dúiche