Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Fáilte chuig an Rannóg Oidhreachta. Léirímid anseo an ról a bhí san am atá thart, agus atá anois, ag na cúirteanna i stair agus oidhreacht na hÉireann.

Tá idéal an cheartais mar chuid riachtanach dár sochaí agus is suimiúil é an turas trí stair an dlí in Éirinn. Tá duine atá ag lorg sásaimh, in éineacht le rí nó stát atá ag cur córas i bhfeidhm ar an gcoincheap ceart agus mícheart ar cheann de na bunphrionsabail den chaoi ina bhfeidhmíonn sochaí chóir.

Sa rannóg seo foghlaimeoidh tú faoi stair agus forbairt an dlí in Éirinn, eolas faoin gcóras ársa Féineachais san áireamh. Is féidir leat eolas a fháil faoi dhátaí tábhachtacha agus trialacha cáiliúla thar na blianta; eolas a léamh faoi dhaoine cáiliúla a bhí bainteach leis na cúirteanna agus foghlaim faoi thraidisiúin cúirte. Is féidir leat fíricí spéisiúla a fhoghlaim inár rannóg 'arbh eol duit'?

Tá súil againn nuair a léifidh tú an rannóg ailtireachta agus oidhreachta go dtuigfidh tú an tábhacht a bhaineann le tithe cúirte ní hamháin mar ionaid ina riartar ceartas ach mar ábhair spéise sibhialta i mbailte ar fud na hÉireann. Is 'struchtúir chosanta' iad go leor foirgnimh cúirte sa lá atá inniu ann agus tá an-chúram tógtha chun iad a chur ar ais mar a bhí.