Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Idirscaradh breithiúnach

Naisc ghaolmhara
Orduithe coigeartaithe pinsin
Foirmeacha cúirte ábhartha

Faisnéis faoi idirscaradh breithiúnach

Nuair nach féidir le lánúin comhaontú a dhéanamh ar na téarmaí faoina mbeidh cónaí orthu amach óna chéile, féadfaidh ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh foraithne idirscartha bhreithiúnaigh. Baineann foraithne idirscartha bhreithiúnaigh an dualgas de chéilí chun bheith ina gcónaí le chéile.

Baineann go leor lánúineacha idirscartha idirscaradh amach trí chomhaontú nó trí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh chun saincheisteanna eatarthu a rialú sula ndéanann siad iarratas ar cholscaradh. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar cholscaradh, áfach, go dtí go mbíonn siad ag cónaí leo féin agus amach óna chéile ar feadh ceithre bliana le cúig bliana anuas.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na forais a leanas:

  • adhaltranas
  • bhí a leithéid d’iompar ar bun ag duine amháin go mbeadh sé mí-réasúnta bheith ag súil leis go leanfadh an duine eile ag cónaí leo
  • thréigh duine amháin an duine eile ar feadh tréimhse leanúnach bliain amháin ar a laghad ag tráth an iarratais
  • bhí cónaí ar an lánúin amach óna chéile ar feadh tréimhse leanúnach ar a laghad bliain amháin a fhad le tráth an iarratais agus comhaontaíonn an dá pháirtí go gceadaítear an fhoraithne
  • bhí cónaí ar an lánúin amach óna chéile ar feadh trí bliana ar a laghad ag tráth an iarratais ar an bhforaithne (cibé acu má chomhaontaíonn nó nach gcomhaontaíonn an dá pháirtí go gceadaítear an fhoraithne)
  • measann an chúirt nárbh ann do ghnáthchaidreamh pósta idir na céilí ar feadh bliain amháin ar a laghad roimh dháta an iarratais ar an bhforaithne.


Is é an foras deireanach thuas an foras is mó is coitianta dá gceadaítear foraithne, mar gheall nach gcuirtear an locht ar cheachtar páirtí.

An féidir déileáil le saincheisteanna eile i gcomhthráth?

Is féidir. Féadtar iarratas a dhéanamh ar orduithe breise (coimhdeacha) i bpróiseas idirscartha bhreithiúnaigh. Tá siad cosúil leis na horduithe ar féidir iarratas a dhéanamh orthu i bpróiseas an cholscartha agus áirítear leo coimeád agus rochtain ar leanaí, íocaíocht cothabhála agus cnapshuimeanna, aistriú réadmhaoine agus múchadh cearta comharbais. Má theastaíonn ordú coigeartaithe pinsin, ní mór duit ordú cúirte a fháil chun iontaobhaithe na scéime a chur faoi cheanglas.

Céard í an difríocht idir idirscaradh breithiúnach agus colscaradh?

Is í an phríomhdhifríocht sa dlí idir colscaradh agus idirscaradh breithiúnach go ligeann colscaradh don dá pháirtí athphósadh ach ní ligeann idirscaradh breithiúnach dóibh amhlaidh a dhéanamh.

Anuas air sin, féadfaidh an chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe a rinneadh i bhforaithne idirscartha bhreithiúnaigh in aon iarratas ar fhoraithne cholscartha.

Conas iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh

Cuirtear tús le himeachtaí sa Chúirt Chuarda trí bhunbhille sibhialta dlí teaghlaigh a chur faoina mbráid mar aon le dhá chóip de in oifig na Cúirte Cuarda. Coimeádtar an bunbhille san oifig agus tugtar na cóipeanna ar ais don duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu (an t-iarratasóir) lena seirbheáil ar an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith (an freagróir).

Leagtar amach sa bhille sibhialta príomhphointe éileamh an iarratasóra, sonraí faoin reachtaíocht faoina bhfuil a (h)éileamh á dhéanamh ag an iarratasóir mar aon leis na horduithe (nó an faoiseamh) atá á lorg. Ní mór go mbeidh an bille sibhialta dátaithe agus ainm, seoladh agus gairm an iarratasóra a bheith san áireamh. Ní mór go síneoidh aturnae an iarratasóra é nó, mura bhfuil aturnae ag an iarratasóir, an t-iarratasóir féin.

I gcásanna colscartha agus idirscartha, ní mór don iarratasóir mionnscríbhinn mhaoine (sa chás go bhfuil faoiseamh airgeadais á lorg) mar aon le mionnscríbhinn leasa (sa chás gurb ann do leanaí cleithiúnaigh) mar aon le deimhniú ina luaitear go ndearadh réiteach malartach díospóide a mheas mar rogha eile. Sa chás go bhfuil ordú pinsin á éileamh ag an iarratasóir, ní mór fógra chomhdú agus a sheirbheáil ar na hiontaobhaithe.

Seirbheáil imeachtaí

Seirbheálann an t-iarratasóir an bille sibhialta dlí teaghlaigh, na mionnscríbhinní maoine agus leasa (amhail is cuí) ar an bhfreagróir ar bhealach amháin de na bealaí a cheadaítear i rialacha na cúirte, is é sin, tríd an bpost réamhíoctha cláraithe, trí sheirbheáil phearsanta nó ar aon bhealach eile a cheadóidh an chúirt nó an cláraitheoir contae. Más mian leat cáipéisí a sheirbheáil ar bhealach eile seachas tríd an bpost réamhíoctha cláraithe nó go pearsanta, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gcúirt nó ar an gcláraitheoir contae ex-parte (is é sin, gan an freagróir a chur ar an eolas) chun cead a fháil.

Bíonn rialacha ar leith i gceist más mian leat cáipéisí a sheirbheáil i dtír eile. Má chónaíonn an freagróir san Aontas Eorpach, féadfaidh tú do chuid cáipéisí a sheirbheáil i gcomhréir le rialacha seirbheála an bhallstáit ina gcónaíonn an freagróir nó do chuid cáipéisí a sheoladh chuig ‘gníomhaireacht tarchuir’ sa bhallstát ina gcónaíonn an freagróir. Socróidh an ghníomhaireacht seirbheáil na gcáipéisí. Chun teacht ar shonraí faoi ghníomhaireachtaí, tabhair cuairt ar: europa.eu 

Má chónaíonn an freagróir lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chúirt, sula n-eisíonn tú an Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh, ar bhac chun na cáipéisí riachtanacha a sheirbheáil agus a eisiúint lasmuigh d'Éirinn mar aon leis na treoracha maidir le conas is gá duit iad a sheirbheáil.

Nuair a bhíonn an bille sibhialta seirbheáilte agat, ní mór duit seirbheáil a fhormhuiniú i gcomhréir le rialacha na Cúirte Cuarda agus mionnscríbhinn a chomhdú (ar a dtugtar mionnscríbhinn seirbheála) a dheimhníonn gur seirbheáladh an bille sibhialta agus na mionnscríbhinní maoine agus leasa(sa chás cuí) ar an bhfreagróir. Má sheirbheáil tú cáipéisí sa phost, ní mór duit tagairt a dhéanamh do dheimhniú postais agus é a chur san áireamh agus é a mharcáil mar thaispeántán leis an mionnscríbhinn seirbheála.

Láithreas a iontráil

Tá ag an bhfreagróir 10 lá ó dháta seirbheála an bhille shibhialta chun láithreas a chomhdú in oifig na Cúirte Cuarda, a shonraítear sa bhille sibhialta agus chun cóip den láithreas a sheachadadh don iarratasóir/d’aturnae an iarratasóra. Cáipéis fhoirmiúil atá sa láithreas a thugann le fios gur mian leis an bhfreagróir an chaingean a chosaint agus chun cosaint a chomhdú.

Cosaint a chur ar aghaidh

Ceadaítear tréimhse bhreise 10 lá don fhreagróir chun a c(h)osaint a chur ar aghaidh. Ní mór go ngabhfaidh mionnscríbhinní maoineagus leasa an fhreagróra leis seo, más cuí. Ceadaítear breis ama nuair a bhíonn páirtí thar lear.

Mura gcomhdaíonn an freagróir láithreas, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt trí fhógra tairisceana lena mbreithniú d’éagmais láithris – is é sin, chun iarraidh ar an gcúirt na horduithe a lorgaítear a cheadú gan dul a thuilleadh ar a (h)iontaoibh. Más ann do láithreas ach murab ann do chosaint, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt trí fhógra tairisceana lena mbreithniú d’éagmais cosanta. I roinnt cásanna, féadtar an tsaincheist a atreorú chuig gluaiseacht cháis.

Má comhaontaíodh na téarmaí idirscartha nó mura gcuirtear in aghaidh colscartha, féadfaidh na páirtithe iarraidh ar an gcúirt ‘rialú’ a dhéanamh ar an tsaincheist.

Dul chun cinn cáis

Má sheolann an freagróir cóip den chosaint chuig an iarratasóir agus má dhéanann siad an bhunchóip a chomhdú le hoifig na Cúirte Cuarda, seolfar toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis chuig seoladh an iarratasóra agus an fhreagróra/a n-aturnaetha araon (má tá ionadaíocht á déanamh ag aturnaetha dóibh nó ag ceachtar díobh) ina n-ordófar dóibh teacht os comhair an chláraitheora contae. Liostálfar an cás os comhair an chláraitheora contae tráth nach déanaí ná 70 lá i ndiaidh an dáta a chomhdaítear an chosaint le haghaidh éisteacht um dhul chun cinn cáis. Is é an cuspóir atá ag dul chun cinn cáis na himeachtaí a réiteach le haghaidh trialach. Laghdaíonn seo an mhoill agus an costas agus cinntíonn sé go mbaintear an úsáid is éifeachtaí as am agus as acmhainní eile na cúirte.  Ina dhiaidh sin, liostálfar an tsaincheist le haghaidh trialach nó rialú os comhair breithimh.

Cáipéisí eile

Don éisteacht, sa mhullach ar na cáipéisí a luadh roimhe seo, beidh do theastas pósta Stáit ag teastáil (ní féidir glacadh le teastas séipéil). Tá cóipeanna ar fáil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin. Guthán: 1890 252 076 nó ag General Register Office.

Orduithe cúirte

Tá sonraí faoi orduithe a rinneadh an chúirt scríofa ar an gcomhad cúirte.  Féadfaidh dlíthithe cóip oifigiúil a fháil d'ordú óna n-oifig Chúirt Chuarda.


Ionadaíocht

Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort dul i dteagmháil le hoifig na Cúirte Cuarda sa chontae ina gcónaíonn tú féin nó an freagróir nó sa chontae ina dtugann tú féin nó do chéile faoi ghnó. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait d’fhonn d'iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit scríobh iontu. Beidh tú freagrach as do cháipéisí a sheirbheáil agus ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh chomh maith.

Foirmeacha cúirte

I.R. Uimh. 510 de 2001, Rialacha na Cúirte Cuarda  2001

  • Foirm 2N: Bille sibhialta um an dlí teaghlaigh
  • Foirm 37A: Mionnscríbhinn acmhainne
  • Foirm 37B: Mionnscríbhinn leasa
  • Foirm 37C: Fógra d'lontaobhaithe
  • Foirm 37D: Deimhniúchán De Bhun Alt 5 nó Alt 6 Den Acht Um Idirscaradh Breithiúnach Agus Athchóiriú An Dlí Teaghlaigh, 1989, nó Alt 6 nó Alt 7 Den Acht Um An Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 

 

I.R Uimh. 358 de 2008, Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008

  • Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
  • Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis

 

Reachtaíocht ábhartha

  • An tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957
  • Acht na bPóstaí, 1972
  • An tAcht um Chaomhnú Árad an Teaghlaigh, 1976
  • An tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989
  • An tAcht Dlí Teaghlaigh, 1995
  • An tAcht Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996

Rialacha cúirte

  • I.R. Uimh. 510 de 2001:Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001 - Ordú 59 
  • I.R. Uimh. 312 de 2007:Rialacha na Cúirte Cuarda (Ginearálta), 2007
  • I.R. Uimh. 358 de 2008:Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008
  • I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna