Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Cothabháil

Foirmeacha cúirte ábhartha
Conas a íoctar cothabháíl?
An féidir suimeanna cothabhála a athrú?
Cothabháil ó lasmuigh den Stát

Céard is cothabháil ann?

Is tacaíocht airgeadais (airgead) cothabháil a íocann duine chun sochair céile/páirtnéir sibhialta agus/nó leanaí cleithiúnaigh. Tá ar chéilí/páirtnéirí sibhialta iad féin a chothabháil de réir a maoine agus a riachtanas. Tá tuismitheoirí, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn siad pósta, freagrach as cothabháil a leanaí cleithiúnaigh.

Murar féidir leis na páirtithe comhaontú a bhaint amach faoi chothabháil, féadtar iarratas a dhéanamh leis an gcúirt ar ordú cothabhála.

Cothabháil le haghaidh céilí/páirtnéirí sibhialta

Ní mór do chéile/pháirtnéir sibhialta a dhéanann iarratas ar an gcúirt le haghaidh cothabhála a dheimhniú gur theip ar an gcéile/bpáirtnéir sibhialta eile an chothabháil sin a chur ar fáil, amhail is ceart faoi na cúinsí sin. Déanann an chúirt an cinneadh faoi cén chothabháil is ceart faoi chúinsí gach cáis ar leith.

Cothabháil leanaí

Tá an bheirt tuismitheoirí freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt dá leanaí.  Baineann seo le gach tuismitheoir, bíodh siad pósta, scartha, ag cónaí lena chéile nó murar chónaigh siad lena chéile riamh. Tá ar an tuismitheoir ag a bhfuil coimeád an linbh aire a thabhairt dó/di agus bheith i bhfeighil a riachtanas laethúil. Is gnách go mbíonn ar an tuismitheoir nach bhfuil coimeád an linbh acu níos mó airgid a íoc leis an tuismitheoir ag a bhfuil an coimeád. Cabhraíonn seo chun íoc as na costais lena mbaineann aire a thabhairt do na leanaí.

Cé is féidir iarratas a dhéanamh ar chothabháil?

Tá tuismitheoirí, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn siad pósta, in ann iarratas a dhéanamh ar chothabháil ón tuismitheoir eile dá leanaí. Féadfaidh tuismitheoir, caomhnóir dlíthiúil, bord sláinte nó aon duine ag a bhfuil stádas dlíthiúil maidir le leanbh cleithiúnaigh iarratas a dhéanamh ar chothabháil an linbh.

Féadfaidh céile/páirtnéir sibhialta iarratas a dhéanamh ar chothabháil dóibh féin fiú má bhíonn siad ag cónaí leis an gcéile/bpáirtnéir sibhialta eile.

Teorainneacha aoise

Leanbh atá i leanbh cleithiúnaigh atá faoi ocht mbliana déag d’aois, nó leanbh atá faoi 23 bliain d’aois ag a bhfuil oideachas lánaimseartha á fháil acu, nó leanbh d’aon aois atá spleách ar a t(h)uismitheoirí mar gheall ar mhíchumas.

Teorainneacha cothabhála 

Lasmuigh den chúirt

Ní ann d’aon teorainn ar an méid cothabhála atá iníoctha lena gcomhaontaítear trí shocruithe neamhfhoirmiúla a dhéantar lasmuigh den chúirt.

Ón gcúirt

Is é an t-uasmhéid is féidir leis an gCúirt Dúiche ordú le haghaidh cothabháil linbh €150 sa tseachtain ó dhuine den bheirt tuismitheoirí.

Is é an t-uasmhéid is féidir leis an gCúirt Dúiche céile/páirtnéir sibhialta a ordú chun íoc leis an gcéile eile €500 sa tseachtain.

Féadfaidh leanbh ranníocaíocht a lorg ón tuismitheoir eile i dtreo na gcostas lena mbaineann breith linbh, nó costais sochraide má fhaigheann leanbh cleithiúnaigh bás. Is é an t-uasmhéid is féidir a bhronnadh sa Chúirt Dúiche i ngach ceann de na cúinsí seo €2,000. Féadfaidh tuismitheoir, ina theannta sin, íocaíochtaí speisialta aonuaire cnapshuime (mar shampla, um Nollaig nó ag tús na scoilbhliana) a lorg ón gCúirt Dúiche a mhéid agus €6,350.

Má lorgaítear suimeanna níos mó, is gá iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda nó leis an Ard-Chúirt.

Conas is féidir iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála

Déantar formhór na n-iarratas ar chothabháil sa Chúirt Dúiche. Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort dul i dteagmháil le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú féin nó an freagróir chun toghairm chothabhála a eisiúint. Ní féidir le foireann na cúirte insint duit conas an toghairm a chomhlánú.

Ní mór an toghairm a sheirbheáil ar an bhfreagróir ar a laghad ceithre lá dhéag nó, sa chás go seirbheáiltear an toghairm sa phost réamhíoctha cláraithe, ar a laghad fiche a haon lá, roimh dháta éisteachta na cúirte. I ndiaidh na seirbheála, ní mór an bhuntoghairm, mar aon le dearbhú reachtúil maidir leis an tseirbheáil, lena gceanglaítear cruthúnas postais, a chur faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche ar a laghad dhá lá roimh dháta éisteachta na cúirte. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Amanna bíonn iarratais ar chothabháil mar chuid d’imeachtaí eile, mar shampla, idirscaradh breithiúnach/colscaradh/scaoileadh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Sna cásanna sin, is í an chúirt chuí le déileáil le hiarratas ar chothabháil an chúirt atá ag déileáil (nó a dhéileáil) leis na himeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh/colscartha/scaoilte.  Áirítear leis seo iarratais leis an ordú cothabhála a scaoileadh nó a athrú.  Ina theannta sin, féadtar iarratais chothabhála a thabhairt faoi na hAchtanna um Chaomhnóireacht Naíon, 1964-1997 mar chuid d’iarratais ar choimeád, rochtain, ar chothabháil nó iarratais eile.

Foirmeacha cúirte

An Chúirt Dúiche: I.R. Uimh. 42 de 1998: District Court Family Law Rules

  • Foirm 54.1: Toghairm Cothabhála - alt 5 (1) (a) Bain úsáid as an toghairm seo má tá tú pósta leis an bhfreagróir
  • Foirm 54A.1: Toghairm – alt 45(1) agus alt 175 Bain úsáid as an toghairm seo más páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir cáilithe thú
  • Foirm 54.2: Toghairm Cothabháil – alt 5(1) (b) arna leasú Bain úsáid as an toghairm seo nuair atá céile amháin marbh, atá tréigthe nó atá ina cónaí ar leithligh agus scartha ón gcéile eile agus níl ceachtar céile ag cothabhála an linbh(na leanaí)
  • Foirm 54.3: Togharim Cothabaháil – alt 5A(1) Bain úsáid as an toghairm seo más rud é nach bhfuil tú pósta leis an bhfreagróir
  • Foirm 54.4: Togharim Cothabaháil – alt 5A(2) Bain úsáid as an toghairm seo más rud é nach bhfuil tú pósta leis an bhfreagróir ach duine a shealbhaíonn stádas dlíthiúil i ndáille leanbh (linbh) cleithiúnach
  • Foirm 54.11: Toghairm chun ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú Bain úsáid as an toghairm seo má tá iarratas chun ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú á dheanamh agat
  • Uimh:10.1 Dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála leis an bpost réamhíochta cláraithe de bhun (alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964) / (alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1991)
  • Uimh:10.2 Dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála leis an gnáthphost de bhun (alt 7 d'Acht na gCúirteanna,1964)
  • Uimh:10.3 Dearbhú reachtúil gur seirbheáladh tríd an bpost

 

Faisnéis faoi orduithe cothabhála

Nuair a dhéanann an chúirt ordú cothabhála, is gnách go sonróidh siad:

  • an tsuim iomlán chothabhála atá le híoc agus an méid atá le híoc don chéile/pháirtnéir sibhialta agus an méid atá le híoc le haghaidh gach linbh.
  • minicíocht íocaíochtaí – gach seachtain, gach coicís nó gach mí
  • an dáta ar a bhfuil an chéad íocaíocht le déanamh
  • cé leis a ndéanfar na híocaíochtaí

Déanann an duine a ordaítear chun cothabháil a íoc (an féichiúnaí cothabhála) an íocaíocht leis an gCúirt Dúiche. Cuireann an Chúirt Dúiche ar aghaidh í chuig an duine atá i dteideal an t-airgead a fháil (an creidiúnaí cothabhála).

Conas a íoctar cothabháil le hoifig na cúirte?

Féadtar cothabháil a íoc ar na bealaí a leanas: 

  • Ordú seasta
  • Dréacht bhainc atá iníoctha leis an gcreidiúnaí cothabhála
  • Seic atá iníoctha leis an gcreidiúnaí cothabhála
  • Ordú airgid Airgead – níor cheart é seo a sheoladh sa phost nó 
  • Féadfaidh an creidiúnaí cothabhála a iarraidh go ndéanfar an íocaíocht go díreach leis/léi.

Cén tairbhe a bhaineann leis an íocaíocht chothabhála a dhéanamh díreach leis an gcreidiúnaí cothabhála?

Ní ann d'aon mhoill ar an íocaíocht a fháil agus féadtar íocaíochtaí a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oifige.

Cén tairbhe a bhaineann le bheith íoctha trí oifig na Cúirte Dúiche?

Coimeádann oifig na Cúirte Dúiche taifead ar gach íocaíocht chothabhála a fhaightear. Má shleamhnaíonn íocaíochtaí i riaráistí, is féidir leis an gcreidiúnaí cothabhála toghairme a ullmhú a ghlacadh don chléireach Cúirte Dúiche a eisiúint (cur isteach an dáta agus an comhartha) d'aisghabháil na riaráistí.  Ní mór an toghairm a sheirbheáil ag an gcreidiúnaí cothabhála.

Ag éisteacht natoghairme, féadfaidh cléireach na CúirteDúiche fianaise faoi mhionn a thabhairt don chúirt faoin méid riaráistí atá dlite.

Mura bhfaigheann oifig na Cúirte Dúiche íocaíocht, an féidir leo an íocaíocht a eisiúint dlite ar aon chuma?

Ní féidir. Ní féidir le hoifig na Cúirte Dúiche an íocaíocht a eisiúint má fuair siad í. Mura ndearna an féichiúnaí cothabhála íocaíochtaí, féadfaidh an creidiúnaí cothabhála freastal ar oifig na Cúirte Dúiche chun imeachtaí a eisiúint chun riaráistí a aisghabháil.

Conas a íoctar cothabháil le hoifig na cúirte?

Féadfaidh an creidiúnaí cothabhála íocaíocht a fháil ar na bealaí a leanas:

  • Trí aistriú leictreonach cistí chuig cuntas bainc an chreidiúnaí cothabhála.
  • Trí sheic atá iníoctha leis an gcreidiúnaí cothabhála
  • Trí sheic atá iníoctha le cuntas bainc nó le cuntas eile an chreidiúnaí cothabhála (mar shampla, cumann foirgníochta, oifig an phoist).

Cé chomh luath i ndiaidh don Chúirt Dúiche an íocaíocht a fháil an eiseofar an íocaíocht?

Braitheann sé ar shaghas na híocaíochta a fuarthas. Próiseáiltear airgead, ordú seasta, dréacht bhainc agus orduithe airgid láithreach. Má dhéantar an íocaíocht le seic, eisítear an íocaíocht deich lá tar éis sin, a fhad agus a ghlanann an banc an tseic.

Má bhíonn an féichiúnaí cothabhála ag dul ar saoire agus más mian leis nó léi roinnt seachtainí a íoc roimh ré, an nglacfaidh oifigí na cúirte le réamhíocaíochtaí?

Glacfaidh. Glacfaidh oifigí na cúirte le réamhíocaíochtaí sa chás go n-iarrann an féichiúnaí cothabhála. Sa chás go bhfaigheann oifigí na cúirte réamhíocaíochtaí, seoltar an réamhíocaíocht iomlán chuig an gcreidiúnaí cothabhála.

An féidir orduithe cothabhála a dhéantar sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt a íoc tríd an gCúirt Dúiche?

Is féidir. Má fhaigheann cléireach na Cúirte Dúiche ordú cothabhála ón gCúirt Chuarda nó ón Ard-Chúirt, láimhseálann siad é amhail go ndearnadh sa Chúirt Dúiche é agus cuirfidh siad na páirtithe ar an eolas dá réir.

Más rud é nach íochtar mo cothabháil, conas is féidir liom é a aisghabháil?

Féadfar imeachtaí i leith aisghabháil riaráiste cothabhála a dhéanamh sa chúirt ina ndearnadh an t-ordú cothabhála nó sa Chúirt Dúiche (ag brath ar an leigheas á lorg).

An féidir fostóir féichiúnaí cothabhála a ordú chun íocaíochtaí cothabhála a asbhaint ó thuillimh?

Más fostaí an féichiúnaí cothabhála, is féidir leis an gcreidiúnaí cothabhála ordú ‘um astú tuillimh’ a fháil. Seo ordú a ordaíonn fostóirí an fhéichiúnaí cothabhála chun suim áirithe a asbhaint ó phá an fhéichiúnaí.

Nuair a dhéanann cúirt ordú um astú tuillimh, ní mór dóibh an gnáthráta asbhainte agus ráta na dtuilleamh cosanta a shonrú. Is ionann an gnáthráta asbhainte agus an suim atá le hasbhaint agus le híoc leis an gcreidiúnaí cothabhála. Is é ráta na dtuilleamh cosanta an ráta nach dtitfidh ioncam an fhéichiúnaí faoina bhun agus tá sé in ainm is bheith leordhóthanach chun íoc as riachtanais agus costais réasúnta an fhéichiúnaithe.

An féidir an méid cothabhála a athrú/a éagsúlú ag aon tráth?

Sa chás go ndearnadh orduithe cothabhála trí na cúirteanna, féadfaidh ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh leis an gcúirt go n-athrófaran méid cothabhála, má tháinig athrú ar chúinsí airgeadais cheachtar páirtí.

Is gnách go dtugtar ‘athrúchán’ ar athrú ar an gcothabháil. Féadfaidh athrúchán méadú nó laghdú a chur ar an méid cothabhála. Ní mór go mbeidh an páirtí a dhéanann an t-iarratas bheith in ann a léiriú don chúirt gur tháinig a mhéid sin d’athrú suntasach ar chúinsí airgeadais go mbeadh gá le hathrú.

Má bhíonn ordú um astú tuillimh i bhfeidhm, beidh gá iarratas a dhéanamh chun an t-ordú um astú tuillimh a éagsúlú má athraítear an méid cothabhála.

An mbronntar aon chearta i leith leanaí ar thuismitheoir a íocann cothabháil?

Ní bhronntar. Ní bhronntar cearta caomhnóireachta ná rochtana ar thuismitheoir mar gheall go bhfuil cothabháil á híoc acu.

Má phósann tuismitheoir eile mo linbh duine eile, an mbíonn orm cothabháil a íoc go fóill?

Tá ort. Mura n-uchtaíonn an chéile nua an leanbh.

Cónaíonn tuismitheoir eile mo linbh thar lear, an féidir liom cothabháil a fháil? 

TáÉire ina páirtí le coinbhinsiúin éagsúla idirnáisiúnta a ligeann do dhaoine a chónaíonn i dtíortha áirithe chun cothabháil a aisghabháil ó dhaoine a chónaíonn i dtíortha áirithe. Éascaíonn Rialacháinan AE aisghabháil cothabhála ar fud an Aontais Eorpaigh.

Chun teacht ar fhaisnéis maidir le héilimh ar chothabháil i dtaca le daoine a chónaíonn i dtíortha lasmuigh d’Éirinn, déan teagmháil le:

An Lárúdarás um Aisghabháil Cothabhála An Roinn Dlí agus Cirt Cearnóg an Easpaig Cnoc Réamainn Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 479 0200. 

An féidir le comhchónaitheoirí cothabháil a éileamh?

Faoin Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe, 2010, tugadh isteach scéim sásaimh do lánúineacha comhchónaithe den ghnéas eile nach bhfuil pósta agus do lánúineacha comhghnéis nach bhfuil cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta. Tá sé mar aidhm ag an scéim cosaint a chur ar fáil le haghaidh duine den lánúin atá spleách i dtaobh cúrsaí airgid de má thagann deireadh le caidreamh fadtéarmach comhchónaithe cibé acu trí bhás nó idirscaradh. Níl aon cheart uathoibríoch agat chun na horduithe sin a fháil.  Féadfaidh an chúirt na horduithe sin a dhéanamh má tá siad sásta go raibh tú spleách i dtaobh cúrsaí airgid de ar do pháirtnéir comhchónaithe.

D’fhéadfadh orduithe sásaimh orduithe cothabhála, orduithe um choigeartú réadmhaoine, orduithe um choigeartú pinsin agus ordú um astú tuillimh a áireamh. Chun iarratas a dhéanamh ar shásamh, ní mór duit bheith i do chomhchónaitheoir cáilithe faoi théarmaí alt 172 den Acht.

Reachtaíocht ábhartha

  • Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930
  • An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964
  • An tAcht um Orduithe Cothabhála, 1974
  • I.R. Uimh. 23 de 1975: Maintenance Order Act (Commencement), 1975
  • An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976
  • An tAcht um Stádas Leanaí, 1987
  • An tAcht um Cothabháíl, 1994
  • An tAcht um Dlí Teaghlaigh, 1995
  • An tAcht um Colscaradh, 1996
  • Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Ceart agus Oibleagáidí ar Leith do Chomchónaitheoirí, 2010
  • Acht um an Dlí Sibhialta (Forálach Ilgnéitheacha), 2011
  • I.R. Uimh. 274 de 2011: Chomhphobail Eorpaigh (Rialacháin Cothabháil), 2011.

Rialacha Cúirte

  • I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997
  • I.R. Uimh. 42 de 1998: Rialacha na Cúirte Dúiche Dlí Teaghlaigh
  • I.R. Uimh. 414 de 2011: Rialacha na Cúirte Dúiche (Páirtnéireacht Shibialta agus Comhchónaí), 2011
  • I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001
  • I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha na Cúirte Cuarda(Ginearálta), 2007
  • I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh)
  • I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna
  • I.R. Uimh. 385 de 2011: Rialacha na Cúirte Cuarda (Páirtnéireacht Shibialta agus Comhchónaí), 2011