Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

 Caomhnóireacht

Foirmeacha cúirte ábhartha 

Céard is caomhnóireacht ann? 

Ciallaíonn caomhnóireacht cearta agus dualgais tuismitheoirí maidir le tabhairt aníos a leanaí. Tá an ceart ag caomhnóir chun gach mórchinneadh a dhéanamh a dhéanann difear do thabhairt aníos an linbh, lena n-áirítear an rogha scoile, cóireáil leighis, saincheisteanna reiligiúnacha, riachtanais sláinte agus cinntí faoin tír a fhágáil. Tá caomhnóirí freagrach as leas an linbh. Áirítear le leas folláine mhorálta, intleachtach agus fhisiciúil an linbh agus sa chás go mbíonn réadmhaoin á coimeád ar son an linbh, áirítear leis seo riar ceart na réadmhaoine siúd.

Cé is féidir bheith ina c(h)aomhnóir?

Is caomhnóir uathoibríoch an linbh máthair nádúrtha an linbh. Braitheann cibé acu an caomhnóir uathoibríoch athair an linbh nó a mhalairt ar an gcaidreamh atá aige leis an máthair.

Is iad máthair agus athair pósta an linbh na caomhnóirí is coitianta agus is amhlaidh atá siad i dteideal bheith, de bhua alt 6(1) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964. Má tá stádas caomhnóireachta le bheith ag an athair, áfach, ní mór go mbeidh na páirtithe pósta ag tráth breithe an linbh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh sé stádas caomhnóireachta a fháil má phóstar na páirtithe i ndiaidh bhreith an linbh.

An féidir le hathair nach bhfuil pósta le máthair a linbh bheith ina chaomhnóir?

Is féidir. Féadfaidh athair nádúrtha an linbh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt faoi alt 6A den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 (mar a cuireadh isteach ag alt 12 den Acht um Stádas Leanaí, 1987) chun bheith ceaptha mar chaomhnóir.

Má chomhaontaíonn an mháthair leis go ndéanfar caomhnóir den athair, ní bheidh aon ghá dul a fhad leis an gcúirt. Sa chás seo, ní mór don bheirt tuismitheoirí dearbhú reachtúil a chomhlánú i láthair Feidhmeannach Síochána (na Rialacháin um Chaomhnóireacht Naíon (Dearbhú Reachtúil), 1998 (I.R. Uimh. 5 de 1998). Luaitear sa dearbhú seo ainm na beirte tuismitheoirí, go bhfuil siad neamhphósta agus go gcomhaontaíonn siad go gceapfar an t-athair mar chomhchaomhnóir. Ansin déantar comhchaomhnóirí den leanbh díobh. Ina theannta sin, luaitear sa dearbhú seo gur chomhaontaigh na tuismitheoirí socruithe maidir le coimeád agus le rochtain. Sa chás go mbíonn breis agus leanbh amháin i gceist, ní mór dearbhú ar leith a dhéanamh le haghaidh gach linbh.

Mura gcomhaontaíonn an mháthair leis go ndéanfar caomhnóir an linbh den athair, féadfaidh an t-athair iarratas a dhéanamh ar an gcúirt go gceapfar é mar chomhchaomhnóir. Is féidir seo a dhéanamh, cibé acu má luaitear nó mura luaitear a ainm ar theastas breithe an linbh.

An féidir le daoine eile iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht?

Is féidir, i gcúinsí áirithe, mar shampla, sa chás nach bhfuil aon chaomhnóir ag an leanbh.

Ina theannta sin, féadtar caomhnóirí a cheapadh faoi uacht tuismitheora nó ag ordú cúirte. Má fhaigheann caomhnóir a ceapadh ag uacht (ar a dtugtar ‘caomhnóir tiomnach’) bás nó má dhiúltaíonn siad chun gníomhú, féadfaidh an chúirt caomhnóir a cheapadh chun comhghníomhú leis an tuismitheoir marthanach. Féadtar caomhnóirí a cheapadh ag uacht nó ag ordú cúirte a bhaint, chomh maith leis sin.

Conas iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht

Déantar an chuid is mó de na hiarratais ar chaomhnóireacht sa Chúirt Dúiche. Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. Faoi chúinsí áirithe, d’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort dul i dteagmháil le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú féin nó an freagróir. Ní mór duit na foirmeacha ábhartha a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh chuig oifig na cúirte. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait d’fhonn d'iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit scríobh iontu.

Ní mór an fógra iarratais a sheirbheáil ar an bhfreagróir ar a laghad ceithre lá dhéag nó, i gcás imeachtaí a dheimhnítear atá práinneach, ar a laghad dhá lá, roimh dháta éisteachta na cúirte. I ndiaidh na seirbheála, ní mór an fógra, mar aon le dearbhú reachtúil maidir leis an tseirbheáil, a chur faoi bhráid chléireach na Cúirte Dúiche ar a laghad dhá lá roimh éisteacht na cúirte. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Sa chás go ndéanann an Chúirt Dúiche ordú faoin Acht, tabharfaidh cléireach na cúirte, nó seolfaidh siad sa ghnáthphost, cóip den ordú a rinneadh do gach duine ina ndearnadh an t-ordú ina bhfabhar nó ina leith.

Foirmeacha cúirte

An Chúirt Dúiche: I.R. Uimh.125 de 1999: Rialacha na Cúirte Dúiche (Coimeád agus caomhnóireacht naíon),1999

  • Foirm 58.1: Fógra iarratas ó athair chun bheith cheapadh ina chaomhnóir - alt 6A
  • Foirm 58.9: Fógra iarratais caomhnóir (í) a cheapadh - alt 8(1)
  • Foirm 58.11: Fógra iarratais caomhnóra a bhaint as oifig agus duine eile a cheapadh - alt 8(4) agus 8(5)
  • Foirm 58.21: Fógra iarratais ordú a athrú nó a urscaoileadh - alt 12
  • Foirm: 10.1 Dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála leis an bpost réamhíochta cláraithe de bhun
    (alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964) / (alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1991)
  • Foirm: 10.2 Dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála leis an bpost réamhíochta cláraithe de bhun
     alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964
  • Foirm: 10.3 Dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála leis an bpost pearsanta

 

I.R. Uimh. 358 de 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh)

  • Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
  • Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis

 

An Ard-Chúirt: I.R. Uimh. 15 de 1986:Rialacha na nUaschúirteanna - Ordú 70 

Reachtaíocht ábhartha

  • Airteagal 42 Bunreacht na hÉireann
  • An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964
  • Acht na gCúirteanna, 1981
  • An tAcht um Stádas Leanaí, 1987
  • An tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989
  • An tAcht um Dlí Teaghlaigh, 1995
  • An tAcht um Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996
  • An tAcht um Leanaí, 1997
  • Rialacháin um Chaomhnóireacht Leanaí (Dearbhú Reachtúil), 1998

Rialacha Cúirte

  • I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997
  • I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001
  • I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha na Cúirte Cuarda(Ginearálta), 2007
  • I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008
  • I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna