Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Foréigean teaghlaigh

Foirmeacha cúirte ábhartha
Conas iarratas a dhéanamh 

Céard é foréigean teaghlaigh?

Is é foréigean teaghlaigh aon fhoirm d’fhoréigean fisiciúil, gnéasach agus síceolaíoch a bhagraíonn do shábháilteacht nó do leas daoine muinteartha agus daoine áirithe atá i gcaidreamh teaghlaigh. Is coir é foréigean fisiciúil nó gnéasach i leith duine muinteartha.

Cosnaíonn reachtaíocht um fhoréigean teaghlaigh céilí/páirtnéirí sibhialta agus leanaí agus cuireann sí réitigh ar fáil ar dhaoine cleithiúnaigh, agus ar dhaoine eile i gcaidreamh eile teaghlaigh ina bhfuil a sábháilteacht nó a leas i mbaol mar gheall ar iompar an duine eile atá sa chaidreamh. Ina theannta sin, tugann sé an chumhacht do na Gardaí Síochána gabháil a dhéanamh gan bharántas nuair a sháraítear ordú cúirte.

Cén orduithe is féidir leis an gcúirt a dhéanamh?

Ordú sábháilteachta Cuireann ordú sábháilteachta cosc ar an duine a ndéantar an t-ordú ina leith (an freagróir) ó thabhairt faoi fhoréigean nó faoi bhagairtí foréigin. Ní leagann sé an dualgas ar an duine sin teach an teaghlaigh a fhágáil. Mura gcónaíonn an duine de ghnáth i dteach an teaghlaigh, cuireann sé cosc orthu as bheith ag faire ar an teach nó ar bheith sa cheantar ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ag an duine (an t-iarratasóir) agus ina gcónaíonn na leanaí cleithiúnaigh. Féadtar ordú sábháilteachta a dhéanamh le haghaidh tréimhse a mhéid agus cúig bliana.

Ordú urchoisc Ceanglaíonn ordú urchoisc ar an bhfreagróir teach an teaghlaigh a fhágáil agus fanacht amach ó theach teaghlaigh an iarratasóra agus/nó na leanaí cleithiúnaigh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé téarmaí a áireamh a chuireann cosc ar an bhfreagróir ó fhoréigean a úsáid nó as bagairt chun foréigean a úsáid. Féadtar ordú urchoisc a dhéanamh le haghaidh tréimhse a mhéid agus trí bliana.

A luaithe a eisítear toghairm le haghaidh ordú sábháilteachta nó ordú urchoisc, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar ordú cosanta nó ar ordú eatramhach urchoisc fad a bhíonn feitheamh orthu go n-éistfear leis an iarratas sa chúirt.

Ordú cosanta Seo ordú sealadach sábháilteachta. Tugann sé cosaint don iarratasóir go dtí go gcinneann an chúirt ar iarratas ordú sábháilteachta nó urchoisc. Tá sé in ainm is maireachtáil go dtí go n-éistfear leis an gcás agus go ndéantar cinneadh. Ní leagann sé an dualgas ar an bhfreagróir teach an teaghlaigh a fhágáil.

Ordú eatramhach urchoisc Seo ordú sealadach urchoisc. Tá sé in ainm is maireachtáil go dtí go n-éistfear leis an iarratas ar ordú urchoisc agus go ndéantar cinneadh. Faoin Acht um Fhoiréigean Baile, 2002, ní mór go dtitfidh éisteacht iomlán chúirte amach laistigh d'ocht lá oibre tar éis ordú eatramhach urchoisc a cheadú. Ní mór go mbeidh an Chúirt faoin tuairim gurb ann d'fhoras réasúnta a chreidiúint gurb ann do riosca láithreach i leith díobháil shuntasach don iarratasóir nó d’aon duine cleithiúnaigh mura ndéantar an t-ordú láithreach agus nárbh leor ordú cosanta a cheadú chun an t-iarratasóir nó aon cleithiúnaigh a chosaint.

Cé is féidir iarratas a dhéanamh ar na horduithe seo?

Céilí agus iarchéilí Féadfaidh céilí agus iarchéilí iarratas a dhéanamh ar orduithe i leith a chéile mar gheall ar fhoréigean ina leith féin nó i leith a leanaí.

Páirtnéirí sibhialta nó iarpháirtnéirí sibhialta Féadfaidh páirtnéirí agus iarpháirtnéirí iarratas a dhéanamh ar orduithe i leith a chéile mar gheall ar fhoréigean ina leith féin nó i leith a leanaí.

Lánúineacha comhchónaithe Sa chás nach bhfuil lánúin pósta le chéile nó nach páirtnéirí sibhialta dá chéile iad ach go gcónaíonn siad le chéile i gcaidreamh tiomanta agus dlúth, féadfaidh páirtnéir amháin iarratas a dhéanamh ar chosaint i leith foréigin ag an bpáirtnéir eile. Braitheann an chosaint atá ar fáil ar cé chomh fada a bhí siad ina gcónaí le chéile agus ar cé leis teach an teaghlaigh. Má bhí cónaí ort le do pháirtnéir ar feadh sé mhí le naoi mí anuas, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc, mura leis an bpáirtnéir foréigneach teach an teaghlaigh go hiomlán, nó mura bhfuil níos mó cearta úinéireachta ag an bpáirtnéir foréigneach ná mar atá agatsa.  Má chónaigh sibh le chéile roimhe seo, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta.

Tuismitheoirí Féadfaidh tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar chosaint i leith foiréigean teaghlaigh ag a leanbh féin má tá an leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois. Féadfaidh an tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc, mura leis an leanbh fásta an teach ina iomláine, nó má tá níos mó cearta úinéireachta ina leith acu. Anuas air sin, féadfaidh an tuismitheoir ordú sábháilteachta a fháil.

Tuismitheoirí leanaí i gcoitinne Féadfaidh tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar ordú ar an mbonn go bhfuil sé/sí buartha faoi shábháilteacht/leas leanbh cleithiúnaigh. Féadfaidh tuismitheoir, chomh maith leis sin, iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta i leith an tuismitheora eile dá leanbh mar gheall ar fhoréigean ag an tuismitheoir sin ina leith nó i leith aon duine dá leanaí.

Daoine eile ag cónaí le chéile Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh i leith foréigin a dhéanann duine breis agus 18 mbliana d'aois a bhfuil cónaí ort leo má chinneann an chúirt nach bhfuil do chaidreamh bunaithe go príomha ar chonradh. Mar shampla, d’fhéadfaí beirt ghaolta a chónaíonn le chéile a chuimsiú. Má thagann tú faoi chuimsiú an teidil seo, beidh na cúirteanna in ann ordú sábháilteachta a thabhairt duit. Ní cháileofar thú le haghaidh ordú urchoisc.

Leanaí Féadfaidh leanaí iarratas a dhéanamh ar orduithe ach ní mór do dhuine fásta nó do bhord sláinte an t-iarratas a dhéanamh ar a son.

Bord Sláinte Féadfaidh bord sláinte iarratas a dhéanamh ar son duine nó ar son leanaí cleithiúnaigh an duine sin. 

Conas iarratas a dhéanamh

Déantar tromlach na n-iarratas faoin reachtaíocht um fhoréigean teaghlaigh sa Chúirt Dúiche. Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú nó an freagróir. Ní mór duit na foirmeacha ábhartha cúirte a sheoladh ar aghaidh chuig oifig na cúirte. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait chun d’iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit a lua ar na foirmeacha. Nuair a bhíonn an fhoirm/na foirmeacha riachtanacha comhlánaithe agat, ní mór duit iad a sheoladh chuig an gCúirt Dúiche lena seirbheáil ar an bhfreagróir. Seolfar na foirmeacha chuig an bhfreagróir ionas gur féidir leis an bhfreagróir freastal ar chúirt ar lá na héisteachta. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Céard a tharlaíonn má theastaíonn cosaint uaim ar feitheamh éisteachta le m’iarratas ar ordú sábháilteachta nó ar ordú urchoisc?

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar ordú cosanta nó ar ordú eatramhach urchoisc ag aon tráth tar éis gur eisigh tú toghairm.

Ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú, ar a dtugtar ‘faisnéis’, a chuireann sonraí ar fáil, lena n-áirítear teagmhais foréigin agus an chúis óna dteastaíonn cosaint ort ar bhonn éigeandála. Ní mór duit an ‘fhaisnéis’ a mhionnú faoi mhionn os comhair breithimh den Chúirt Dúiche, a dhéanfaidh cinneadh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart d’iarratas a cheadú.

Céard a tharlaíonn sa chúirt nuair a dhéanaim iarratas ar ordú cosanta nó ar ordú urchoisc?

  • Éistfear le d’iarratas ar bhonn ‘ex parte’. Ciallaíonn seo nach mbeidh an freagróir ar an eolas go mbeidh an t-iarratas á dhéanamh agus ní bheidh sé/sí sa chúirt.
  • Ní mór duit insint don chúirt cén fáth a dteastaíonn ordú cosanta nó ordú eatramhach urchoisc uait agus cad ina thaobh ar cheart don chúirt an t-ordú a dhéanamh gan an freagróir a chur ar an eolas go bhfuiltear ag éisteacht leis an iarratas.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ordú eatramhach urchoisc, níor mhór go mbeidh fianaise ann i dtaca le baol láithreach díobhála suntasaí i do leith agus/nó i leith do leanaí cleithiúnaigh mura gceadaíonn an chúirt an t-ordú láithreach.

Céard a tharlaíonn sa chúirt ar an lá a bhíonn éisteacht iomlán iarratais ar siúl?

Seomra na cúirte Ar an lá a bhíonn an éisteacht iomlán ar siúl, féadfaidh an dá pháirtí freastal ar an gcúirt. Suíonn an breitheamh ag binse agus é/í ag féachaint ar na páirtithe i seomra na cúirte. Is é an t-aon duine eile a bhíonn i seomra na cúirte cléireach na cúirte, a dhéileálann le riar an cháis.

Fianaise a thabhairt Ní mór gach fianaise a thabhairt don chúirt ó bhéil. Ciallaíonn seo nach mór d’fhinnéithe freastal agus fianaise a thabhairt i mbosca finné. Ní mór dóibh bheith réidh le bheith chroscheistithe ag an bhfreagróir nó ag a (h)ionadaí dlí a d’fhéadfadh cur in aghaidh na fianaise. Eagróidh d’aturnae go bhfreastalóidh finnéithe eile ar an éisteacht, Gardaí, mar shampla. Mura bhfuil aturnae agat, beidh ort féin na socruithe a dhéanamh.

Agus tú i d’iarratasóir, is tusa a thugann an fhianaise ar dtús. Iarrfar ort seasamh isteach sa bhosca finné agus glacadh le mionn a dheimhníonn gurb í an fhírinne a bheidh sa mhéid a ndeireann tú leis an gcúirt. Leanfaidh na finnéithe, más ann dóibh. Tharlódh go dteastódh nó nach dteastódh finnéithe uait. Má shíleann tú go gcabhródh finné i do chás, áfach, ba cheart iarraidh orthu an mbeidís toilteanach freastal ar an gcúirt agus fianaise a thabhairt ar do shon.

Amanna, is gá ‘toghairm finné’ a eisiúint chun freastal finné a chinntiú. Sa chás go dtarlaíonn seo, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar oifig na cúirte le haghaidh toghairm finné a eisiúint agus í a sheirbheáil ar an bhfinné beartaithe. D’fhéadfadh go mbeadh ort íoc as costais réasúnta an fhinné nó chun cúiteamh réasúnta a sholáthar mar gheall ar chaillteanas ama fad a bhí siad ag freastal ar an gcúirt chun fianaise a thabhairt ar do shon.

Ról an bhreithimh Déanann an breitheamh an cinneadh bunaithe ar an bhfianaise a chuirtear i láthair ar an lá, faoi cibé acu ar cheart nó nár cheart ordú sábháilteachta nó urchoisc a dhéanamh agus cé chomh fada ar cheart go mairfidh an t-ordú sin. Féadfaidh an Chúirt Dúiche ordú sábháilteachta a cheadú ar feadh cúig bliana ar a mhéid agus ordú urchoisc ar feadh trí bliana ar a mhéid.

Conas a chuirtear an freagróir ar an eolas go ndearnadh ordú?

Cuirtear cinneadh na cúirte in iúl i bhfoirm cáipéis scríofa ar a dtugtar ‘ordú’ agus is gnách go seolann oifig na cúirte é seo chuig an bhfreagróir tríd an ngnáthphost.

I gcás ordú cosanta nó ordú eatramhach urchoisc, is gnách go n-ordaíonn an chúirt go seirbheálann na Gardaí Síochána ordú ar an bhfreagróir. Fanann an t-ordú eatramhach urchoisc i bhfeidhm go dtí gur éisteadh go hiomlán le hiarratas an ordaithe urchoisc/sábháilteachta.

Ar cheart dom aon rud a dhéanamh tar éis go ndéantar an t-ordú?

Cuirfidh oifig na cúirte na Gardaí ar an eolas faoi dhéanamh an ordaithe trí chóip a sheoladh chuig an stáisiún áitiúil Gardaí sa phost. D’fhonn aon mhoill a sheachaint agus na Gardaí a chur ar an eolas, ba cheart duit glao a chur ar stáisiún na nGardaí láithreach tar éis go ndearnadh an t-ordú, agus insint dóibh go ndearnadh an t-ordú agus cóip de a fhágáil leo.

D’fhéadfadh go mbeadh ar na Gardaí teacht a fhad le do theach ag tráth níos déanaí sa chás go sáraíonn an freagróir an t-ordú. Ba cheart duit cóip den ordú a choimeád leat an t-am ar fad.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar orduithe nach bhfuil san áireamh i m’iarratas scríofa?

Féadfaidh an chúirt orduithe a dhéanamh nuair a iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh gan bheith ar an bpáirtí iarratas ar leith a dhéanamh. Mar shampla, d’fhéadfadh gur mian leat féin nó leis an bhfreagróir déileáil le saincheisteanna coimeádta, rochtana agus/nó cothabháil leanaí. Moltar duit, ar an ábhar sin, na saincheisteanna seo a phlé roimh ré le d'aturnae agus bheith réidh le do thuairimí a thabhairt.

Céard a tharlaíonn má sháraíonn duine téarmaí ordaithe?

Is cion coiriúil é aon ordú a shárú faoin reachtaíocht um fhoréigean teaghlaigh. Féadfaidh na Gardaí duine a sháraíonn an t-ordú sin a ghabháil agus a chúiseamh.

Foirmeacha cúirte

An Chúirt Dúiche: I.R. Uimh. 20 de 2005: Rialacha na Cúirte Dúiche (Foréigean Teaghlaigh), 2005

An Chúirt Chuarda: I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001

  • Foirm 2O: Bille sibhialta um fhoréigean baile

 

Reachtaíocht ábhartha

  • An tAcht um an Dlí Teachlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976
  • An tAcht um an Dlí Teachlaigh (Céílí agus Leanaí a Chosaint), 1981
  • An tAcht um Fhoréigeann Baile, 1996
  • An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine, 1997
  • An tAcht um Dlí Teaghlaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997
  • An tAcht um Fhoréigean Baile (Leasú), 2002
  • Acht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus Ceart agus Oibleagáidí ar Leith do Chomchónaitheoirí, 2010

Rialacha Cúirte

  • I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001, Ordú 59, Rialacha 5
  • I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha na Cúirte Cuarda (Ginearálta), 2007
  • I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997, Ordú 59