Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Coimeád

Foirmeacha cúirte ábhartha

Céard is coimeád ann?

Is éard atá i gceist le coimeád an ceart atá ag tuismitheoir cúram agus rialú fisiciúil a fheidhmiú i leith thabhairt aníos a linbh ar bhonn laethúil. Comhchaomhnóirí linbh iad tuismitheoirí pósta linbh go huathoibríoch.

Céard a tharlaíonn nuair a scarann tuismitheoirí pósta?

Nuair a bhíonn tuismitheoir pósta tar éis scaradh óna chéile nó colscaradh a fháil, féadfaidh siad a chinneadh eatarthu féin ar shocruithe coimeádta le haghaidh a leanaí. Murar féidir leo comhaontú a bhaint amach, féadfaidh siad iarracht a dhéanamh socrú a dhéanamh trí eadráin, ach má theipeann air sin, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun cinneadh deiridh a dhéanamh.

Céard a tharlaíonn nuair nach bhfuil na tuismitheoirí pósta?

Nuair a bheirtear ar leanaí lasmuigh den phósadh, bíonn ceart uathoibríoch ag an máthair i leith coimeádta. Féadfaidh an t-athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun coimeád a fháil ceal comhaontaithe. Ní gá d’athair cearta caomhnóireachta a bheith aige sula gcuireann sé isteach ar choimeád.

Mura mian leis an máthair neamhphósta coimeád an linbh bheith aici agus má bheartaíonn sí an leanbh a chur lena (h)uchtú nó má tá an leanbh curtha lena (h)uchtú aici cheana féin, féadfaidh an t-athair neamhphósta iarratas a dhéanamh go fóill ar choimeád an linbh.

An féidir le daoine eile iarratas a dhéanamh ar choimeád?

Is féidir. Sa chás nach bhfuil an leanbh i gcoimeád ceachtar tuismitheora, féadfaidh na seantuismitheoirí nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas a dhéanamh ar choimeád tar éis iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht. Féadfaidh duine ata caomhnóir é/í agus nach bhfuil coimeád aige/aici (bíodh comhchoimeád nó eile i gceist) nó duine ónar glacadh coimeád an linbh, iarratas a dhéanamh ar ordú coimeádta faoi alt 11 den Acht um Choimeád Naíon, 1964 (arna leasú).

Conas iarratas a dhéanamh ar choimeád

Déantar an chuid is mó de na hiarratais ar choimeád sa Chúirt Dúiche. Féadfaidh tú aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadfaidh tú an t-iarratas a dhéanamh tú féin. D’fhéadfá bheith i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú nó an freagróir. Ní mór duit na foirmeacha ábhartha cúirte a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh chuig oifig na cúirte. Sainaithneoidh foireann na cúirte na foirmeacha a theastaíonn uait chun d’iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo insint duit céard is gá duit a lua ar na foirmeacha.

Ní mór fógra faoin iarratas a thabhairt don fhreagróir ar a laghad ceithre lá dhéag, nó, i gcás imeachtaí cúirte a dheimhnítear amhail bheith práinneach, ar a laghad dhá lá, roimh dháta éisteachta na cúirte. I ndiaidh an fógra a sheirbheáil, is gá an fógra, mar aon le dearbhú reachtúil ina ndeimhnítear an tseirbheáil, a thabhairt do chléireach na Cúirte Dúiche ar a laghad dhá lá roimh dháta éisteachta na cúirte. Ina theannta sin, ní mór duit freastal ar an gcúirt ar an lá chun d’iarratas a dhéanamh.

Sá chás go ndéanann an Chúirt Dúiche ordú faoin Acht, tabharfaidh, nó seolfaidh cléireach na cúirte sa ghnáthphost, cóip den ordú do gach duine a ndearnadh an t-ordú ina bhfabhar nó ina leith.

Amanna, cruthaíonn iarratais ar choimeád agus ar rochtain cuid d’imeachtaí eile, mar shampla, idirscaradh nó colscaradh breithiúnach sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Sna cásanna siúd, is í an chúirt a dhéileálann leis na himeachtaí eile an chúirt chuí chun déileáil le hiarratas ar choimeád agus/nó ar rochtain. Áirítear leis seo iarratais chun orduithe coimeádta agus/nó rochtana roimhe seo a dhíscaoileadh.

Foirmeacha cúirte

An Chúirt Dúiche: I.R. Uimh.125 de 1999: Rialacha na Cúirte Dúiche (Coimeád agus caomhnóireacht naíon),1999

  •  Foirm 58.17: Fógra iarratais chun iarratas a dhéanamh faoi choimeád, rochtana, cothabháile - alt 11(1) agus 11(4)


An Chúirt Chuarda: I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Dul chun cinn cáis)

  • Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
  • Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis


An Ard-Chúirt: I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna - Ordú 70